logo
Home
Artists
Lyrics
Popular
Search
Mo Chailín Rua
Traditional, Pádraigin Ní Uallachain
Dá mbeinnse i mbliana mar bhí mé anuraidh
Toigh beag `bheith agam i gcois an chuain
Chuirfinn mo bhád amach ar a´ tSionainn
Agus bhéarfainn abhaile liom mo chailín rua.

Curfá:
Thug mé liom í ó bhaile go baile
Fríd Bhaile `Cliath `un na geaftaí crua
Chan fhuil aon mhíle ó d´fhág mé an baile
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua.

Bhí ceann gruaige léi síos go talamh
`Gus barra na finne go dtug sí léi
Ba mhéanar don fhear óg a gheobhadh í le mealladh
Rogha na gcailíní mo chailín rua.

Curfá

Dá mbeinn chomh saibhir is a bhí mé anuraidh
Thógainn toigh mór ar an chnoc údaí thall
Fíon agus ór `siad a bhéarfainn do mo stór
Is bheinn a´ gabháil ceoil le mo chailín rua.

Curfá

-oOo-

If I were this year as I was last year
To have a small house by the bay
I´d sail my boat out on the Shannon
And I´d bring home my red-haired girl.

Refrain:
I brought her with me from town to town
Through Dublin city to the strong gates
There´s not a mile since I left home
That I haven´t given a drink to my red-haired girl.

She had hair down to the ground
She has won pride among all
Lucky the man who would entice her
The choice among girls is my red-haired girl.

Refrain

If I were as wealthy as I was last year
I´d build a big house on yonder hill
Wine and gold I´d give to my stór
And I´d be making music with my red-haired girl.

Refrain